Is acmhainn thábhachtach ach leochailleach í an Bhoireann lena timpeallacht tarraingteach nádúrtha agus raidhse d’iarsmaí cultúrtha. Ba chóir taitneamh a bhaint aisti, caitheamh léi le hurram agus í a chaomhnú do na glúine atá le teacht.
Tabhair tacaíocht do phrionsabail Chód na Boirne ar mhaith leis an tírdhreach tábhachtach seo a chosaint.
• Fág an cosán aolchloiche* mar a fhaigheann tú í
• Caomhnaigh na gnáthóga nádúrtha agus ná cuir isteach ar bhláthanna fiáine*
• Bí cúramach agus ná déan dochar do shéadchomharthaí, do bhallaí ná d’fhoirgnimh
• Bíodh meas agat ar úinéirí talún, ar a maoin agus ar a mbeostoc
• Páirceáil agus campáil sna limistéir shonraithe
• Ná fág rian ar bith de do chuairt; ná tabhair leat ach cuimhní...
* Tá Cosán Aolchloiche liostaithe mar “Ghnáthóg Tosaíochta” i dTreoir Eorpach Gnáthóga, 1992,
agus tá cosaint dlí aici.








